Coláiste dara leibhéal Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí @corketb i gceartlár Ghaeltacht Mhúscraí.

Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí.
Joined February 2015
Comhghairdeas le hiardhalta Christina Ní Dheasúna! 🙌
DOUBLE HISTORY MAKER Christina Desmond defeats Clara Lopez on points to become the EBU European Super lightweight champion October was an incredible month, becoming Irish champion and now the blue strap adds to that collection World title next?
1
1
138
Fuaireamar an dea-scéal go bhfuil Almha Ní Aodha agus Eithne Ní Laocha cáilithe do Chomórtas Eolaí Óg Stripe. Guímid gach rath orthu agus ar a múinteoir Iníon Ní Ríordáin @StripeYSTE
4
199
Cairde Pinn Tá ranganna Gaeilge na chéad bhliana tar éis cairde pinn a chruthú le daltaí i gColáiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair le déanaí. Sheoladar litreacha chucu an tseachtain seo agus táid ar bís chun litreacha a fháil thar n-ais uathu go luath.
57
Díolachán Cístí – Mí Feasachta ar Ailse Chíche @BreastCancerIre Reáchtáladh díolachán cístí maidir chun de “Lá Bándearg”. Fuair na daltaí idirbhliana tacaíocht mhór óna comhscoláirí. Bailíodh €1133.00 san iomlán ar an lá – éacht den scoth.  1/2
1
86
Beidh an t-airgead go léir ag dul chun Breast Cancer Ireland. Míle buíochas le gach duine a thacaigh leis an ócáid, leis na daltaí a bhácáil bia agus le hIníon Ní Ríordáin a stiúradh é. Gluais •díolachán cístí – bake sale •comhscoláirí – classmates •éacht – achievement
50
Lá Bándearg – Mí Feasachta ar Ailse Chíche
Reáchtáladh Lá Bándearg ar scoil inniu chun tacú le Breast Cancer Ireland – is í mí Dheireadh Fómhair Mí na Feasachta ar Ailse Chíche. D’eagraigh muintir na hIdirbhliana, faoi stiúir Iníon Ní Ríordáin, an ócáid agus rinne siad sárjab1/2
1
1
101
Thacaigh daltaí agus baill foirne go mór leis an lá. Maith sibh agus míle buíochas le gach duine a ghlac páirt agus a thacaigh leis an gcarthanacht fhíorthábhachtach seo! Fógrófar an méid iomlán a bailíodh amárach.
 @CorkETB @BreastCancerIre 2/2
25
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain @GaelLinn 
Bhíomar mar scoil óstach don chéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain le déanaí. Chuireamar fáilte roimh Scoil Mhuire, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Gaelcholáiste Chiarraí. Bhí Máiréad Ní Mhurchú, Ellen Ní Liatháin1/2
1
132
Éabha Ní Chruadhlaoich agus Gráinne Ní Thuama san iomaíocht sa chomórtas sinsir. Labhraíodar ar son an rúin gur córas roghnúcháin cothrom é córas na bpointí. Eispéireas iontach a bhí ann dóibh & táid ag tnúth go mór leis an gcéad bhabhta eile sa chomórtas.
43
Samplaí d’ealaín - Sraith Shóisearach agus Ardteist 2026 Déanta faoi stiúir Iníon Ní Ruairc #gobuaicdochumais #ealaín
1
147
Beidh ár scoil dúnta amárach mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch.

Due to industrial action our school will be closed tomorrow.
79
D’fhreastail muintir na hidirbhliana ar sheimineár intinne faoi shláinte intinne inniu!
55
Lá Oiliúna le @oide_Ireland   Bhí na múinteoirí go leor ar an mbóthar inniu D’fhreastalaíomar ar oiliúint le hOide. Is seirbhís tacaíochta í Oide do cheannairí scoile agus múinteoirí. Bhíomar ag foghlaim faoi na hathruithe ar an ardteistiméireacht.
1
93